Current News Items
Welcome to the Glór Cheatharlach News page. On this page we provide regular up to date News items of important issues.
Anseo thíos tá nuacht agus eolas suas chun dáta ar imeachtaí uile na Gaeilge anseo i gCeatharlach eagraithe ag Glór Cheatharlach. Below please find up to date news and information on all Irish events organised here in Carlow by Glór Cheatharlach.
Survey on Irish Language
The results of the survey entitled Experiences and Opinions on the Irish Language in Carlow were published recently and the entire report is available to download now by clicking on the link below.
Seoladh torthaí an taighde dar teideal Taithí agus Dearctha an Phobail i leith na Gaeilge i gCeatharlach 2010 le déanaí agus tá an tuairisc iomlán le híoslódáil anois ar an nasc thíos..
Click to Download Survey Result Here
AGM Glór Cheatharlach
News Description(Irish):
Tionólfar cruinniú cinn bhliana Ghlór Cheatharlach sa seomra thuas staighre i dTeach Dolmain ar an Déardaoin, 26 Eanair ag 7.30i.n. Tá rogha leathan d’imeachtaí agus de ghníomhaíochtaí suimiúla ar chlár na bliana amach romhainn agus cuirfidh Glór Cheatharlach fáilte is fiche roimh bhaill nua ach go háirithe. Saothraíonn Glór Cheatharlach chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phoail áitiúil. Chun a bheith páirteach ní gá go mbeadh duine líofa sa teanga. Is tábhachtaí fós suim agus spéis sa Ghaeilge agus is féidir páirt a ghlacadh sa rannóg den saothar is fearr leis an duine féin. Mar sin glac leis an gcuireadh agus bí linn i mbliana. Tá gach eolas ar fáil ach glaoch a chur ar 059 9158105 nó 085 1340047 nó tar chuig an cruinniú cinn bhliana ar an Déardaoin. Beidh fáilte romhat.
News Description(English):
The AGM of Glór Cheatharlach will take place in Teach Dolmain (upstairs) on Thursday, 26th January at 7.30pm. New and existing members are invited along. All support is called for to organize an exciting programme of Irish and bilingual events during 2012 . Details from 059 9158105 or come along to the AGM. Beidh fáilte romhat.
Date: January 19th, 2012
Ranganna Gaelchultúr/Irish Evening Classes Spring 2012
News Description(Irish):
Ranganna Gaelchultúr ag Filleadh ar Ceatharlach.
Tá an-áthas ar Glór Cheatharlach a fhógart go mbeadh ranganna oíche gaeilge do daoine fásta le Gaelchultúr ag filleadh ar Cheatharlach tar éis rath mór a bhaint amach i 2011. Tosóidh sraith nua ranganna sa bhaile ag tús Mí Feabhra agus tá clarú oscailte anois.
Bhí téarma ranganna anseo i gCeatharlach idir Mí Meán Fómhair agus Mí na Nollag an bhliain seo chaite agus bhain gach duine a ghlac páirt sna ranganna an taithneamh astu. Is é seo an t-aonú téarma déag ranganna ó thosaigh siad i Mí Méan Fómhair 2008 agus tá an-chuid daoine ag teacht ar ais arís is arís chun ranganna nua a dhéanamh.
Beidh na ranganna nua ag tosnú ar an seachtain don 6ú Feabhra agus rachaidh siad ar aghaidh do tréimhse 12 seachtain (le briseadh don Cáisc). Arís don téarma seo beidh 3 leibhéal ar fáil anseo i gCeatharlach- Bunrang 2, Meánrang 1 agus Meánrang 2.
Beidh Bunrang 2 ar súil ar oíche Dé Luain agus tá an leibhéal seo oiriúnach d’éinne a bhfuil Gaeilge an-bunúsach acu agus atá ag iarriadh feabhas a chur ar an méad atá acu. Beidh Meánrang 1 agus Meánrang 2 ar oíche Mháirt. Tá Meánrang 1 oiriúnach d’foghlaimeoirí atá leibhéal maith Gaeilge acu agus atá ag iarriadh chur lena chuid foclóir srl agus tá Meánrang 2 ar fáil d’foghlaimeoirí atá ag iarriadh snas a chur ar a chuid Gaeilge labhartha agus grammadach.
Beidh na ranganna go léir ar súil idir 7-9i.n. agus beidh gach rang ar súil in oifigí Comhairle Contae Ceatharlach.
Duairt Emma Uí Bhroin, Oifigeach Forbairthe Gaeilge le Glór Cheatharlach: “Tá gach duine i Glór Cheatharlach an-sásta go bhfuil na ranganna Gaelchultúr ag tosnú i gCeatharlach arís i mbliana . Bhain gach éinne an-taithneamh as na ranganna an bhliain seo chaite agus tá súil againn go mbeadh an-chuid daoine nua ag glacadh páirt chomh maith le daoine ón bhliain seo chaite ag teacht ar ais arís. Taispeánann sé arís cé comh láidir is atá an suim agus an tacaíocht don Gaeilge anseo i gCeatharlach le an-chuid daoine ag iarriadh an teanga a fhoghlaim nó chur len mead atá acu”.
Is féidir scrúdú gearr a dhéanamh duit féin ar suíomh Gaelchultúr ar www.gaelchultur.com chun cinntú cén leibhéal atá oiriúnach duit. Gach eolas agus clarú ar www.gaelchultur.com nó is féidir glaoch a chur ar Emma i nGlór Cheatharlach ar (059) 9158105 nó (085) 1340047
News Description(English):
Learn Irish in Carlow this New Year!
Gaelchultúr Irish Evening Classes Return to Carlow for Spring 2012.
Following the success of the last term of Gaelchultúr Irish Evening Classes for adults in Carlow, Glór Cheatharlach are delighted to announce that the next set of courses will begin locally in the first week of February. The New Year is the perfect time to take on a new challenge and Gaelchultúr offer classes to suit each participants own level.
There will be three levels on offer this term with a beginners level which is suitable for those who have a basic knowledge of the language and want to improve, a lower intermediate level for those who are a little more confident and would like to improve and build their confidence in the language and an upper intermediate for those with a good understanding and would like to add to their fluency.
Beginners classes will be held on Mondays from 7-9pm with Intermediate levels on Tuesdays from 7-9pm All classes are held in Carlow County Council Offices and run for 12 weeks(with a break for the Easter holidays) starting on February 6th.
If you are unsure which level you are suited to you can do a quick test online on the Gaelchultúr website which will advise you where to start. All information available on www.gaelchultur.com or by contacting Emma in Glór Cheatharlach on (059) 9158105 or (085) 1340047. Bigí Linn!
Ends
Date: January 12th, 2012
Spriocdáta don Chomórtas Amhrán Nua-chumtha Pan Cheilteach 2012
News Description(Irish):
Tá na socruithe agus an phleanáil faoi lán seoil don Fhéile Idirnáisiúnta Phan Cheilteach 2012 a bheidh ar siúl i gCeatharlach i mí Aibreáin. Tá beartaithe go mbeidh an comórtas idirnáisiúnta amhrán nua-chumtha ar cheann de bhuaicphointí na féile. Tá coiste na féile ag glacadh le hiarratais d’iontráil na hÉireann ó chumadóirí ceoil faoi láthair ach ní mór brostú mar ‘sé 5.00i.n. ar an Aoine, 20ú Eanair an spriocdháta.
Déanfar gearrliosta de na hiontrálacha is fearr agus roghnófar amhrán na hÉireann ag an gcomórtas náisiúnta a reachtálfar ins an Óstán Seven Oaks i gCeatharlach ar an Déardaoin 8 Márta ag 7.30i.n. Cuirfidh an pearsa teilifíse Daithí Ó Sé na hamhráin i láthair don phobal agus beidh Ollie Hennessy ina stiúrthóir ceoil don ócáid mhór. Tá IMRO i gcomhar le Gael Linn ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas agus bronnfar duais €1,000 ar an mbuaiteoir naisiúnta. Rachaidh sé nó sí san iomaíocht leis na hamhráin nua-chumtha ó na tíortha ceilteacha eile ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach a bheidh ar siúl i gCeatharlach ó 10-15 Aibreán agus bronnfar duais €1,500 maille leis an trófaí Pan Cheilteach ar an mbuaiteoir idirnáisiúnta.
Tá an comórtas oscailte d’amhráin thraidisiúnta, do phopamhráin, d’amhráin tíre agus d’amhráin rac cheiltigh ach is gá na focail agus an ceol a bheith nua-chumtha agus a bheith i nGaeilge. Tá rialacha uile an chomórtais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh greasáin www.panceltic.ie nó is féidir glaoch ar oifig Pan Cheilteach i gCeatharlach ar 059 9158105, 087 2857048.
News Description(English):
The competition to select the song to represent Ireland at the 2012 Pan Celtic International Festival is underway and composers/songwriters are reminded that the deadline for entries on cd is 5.00pm on Friday, 20 January. Music and lyrics must be newly composed and entries can be traditional, pop, folk or celtic rock. Lyrics must be in Irish. The best entries will be shortlisted by a panel of judges to compete at the gala National Song Contest which will be held in the Seven Oaks Hotel, Carlow on Thursday, 8 March. Television personality, Daithí Ó Sé, will host the competition with Ollie Hennessy the musical director. Main sponsor of the competition is IMRO in association with Gael Linn. The winning song will receive a cash prize of €1,000 and go forward to represent Ireland a month later at the Pan Celtic International Festival which will take place in Carlow from 10-15 April.
Each of the six participating countries - Ireland, Wales, Scotland, Brittany, Isle of Man and Cornwall- will enter a song in its own celtic language and the overall winner will receive a prize of €1,500 as well as the Pan Celtic International Festival trophy.
Details of the competition including rules and entry forms are available on the website www.panceltic.ie on the programme/competitions link. Enquiries to pancelticcarlow@gmail.com or call 085 1340047 or 059 9158105. The address for entries is Comórtas Amhrán Pan Cheilteach, Pan Celtic Office, C/o Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach, Co. Cheatharlach.
Date: January 9th, 2012
Ciorcal Comhrá Iarscoile/Afterschools Conversational Irish Group
News Description(Irish):
D’éirigh go hiontach leis an gcéad Ciorcal Comhrá do mhicléinn iarbhunscoile a bhí ar siúl i gCeatharlach ó thús na scoilbhliana reatha go dtí an briseadh lárthéarma. D’fhreastail micléinn sa chúigiú agus sa seú bhliain ó cheithre scoil éagsúil ar na seisiúin cainte seachtainiúil. Eagraithe ag Glór Cheatharlach agus faoi stiúir an mhúinteora Andrea Ní Fhaoláin, cuirfear tús le sraith nua den chiorcal comhrá iarscoile tar éis an tsosa. Díríonn an ciorcal ar mhicléinn atá ag lorg deiseanna breise chun Gaeilge a labhairt go neamhfhoirmiúil lasmuigh den seomra ranga. Ar ndóigh tá micléinn ag cur fáilte roimh gach deis dá leithéid agus iad ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge go háirithe i rith na scoilbhliana seo agus méadú mór go daichead fán gcéad de na marcanna i scrúdú na hArdteistiméireachta le dul don bhéaltriail.
Beidh an Ciorcal Comhrá Iarscoile ar siúl in Ionad Phobail Darach Úir gach Luan ó 4.30 go 5.30i.n. ag tosnú ar an Luan, 7 Samhain. Leanfaidh an ciorcal ar aghaidh ar feadh sé seachtainí go laethanta saoire na Nollag. An táille don tréimhse ná €15. Ní foláir áiteanna a chur in áirithe agus tabharfar tús áite don chéad fiche iarratas. Chun clárú is féidir dul i dteagmháil le Glór Cheatharlach ar 085 1340047, 087 2857048 nó eolas@glorcheatharlach.ie
News Description(English):
Following the midterm break, Glór Cheatharlach is delighted to announce that a new run of the Afterschools Oral Irish for Leaving Certificate and senior cycle students will commence on Monday, 7 November. Organised by Glór Cheatharlach and directed by Andrea Ní Fhaoláin, the circle will offer students the opportunity to brush up on their oral language skills in an informal environment outside the classroom setting. This is particularly welcome in the current schoolyear following the decision by the Department of Education and Science that the marks allotted to the oral section of the Irish examination in the Leaving Certificate next June will increase from 25% to 40%. The Ciorcal Comhrá Iarscoile or Afterschools Irish Circle will meet on Monday afternoons from 4.30-5.30pm in the New Oak Community Centre. The fee for the six week period up to the Christmas holidays is €15. However places are strictly limited to 20 students so early booking is essential. To register please contact Glór Cheatharlach on 085 1340047, 087 2857048 or email eolas@glorcheatharlach.ie
Date: October 27th, 2011
€3,000 balaithe ag Ceolchoirm ar son Somalia
News Description(Irish):
Bhí an-áthas ar Glór Cheatharlach seic do thrí mhíle euro a bhronnadh ar Lousie Forrester ón eagraíocht Trócaire an tseachtain seo caite. Bailíodh an t-airgead de bharr ceolchoirm speisialta ar mhaithe leis an ngorta sa tSomáil a cuireadh ar siúl ins an Amharclann George Bernard Shaw mar chuid d’Fhéile an Fhómair na bliana seo.
Tháinig na sluaite chuig an cheolchoirm chun taitneamh a bhaint as ceol, amhránaíocht agus rince de gach saghas agus chun tacaíocht a thabhairt do mhuintir na Somáile san Afraic, áit a bhfuil géarchéim mhór i láthair na huaire de bharr gorta, teipeanna barraí, triomacht agus scaipeadh galair maláire, calar, tíofóideach agus bruitíneach. Bhí Louise Forrester i láthair ar an oíche chun glacadh leis an seic thar cheann Trócaire agus gheall sí go rachadh gach euro den airgead díreach go dtí an réigiún tragóideach.
D’oscail cór Choláiste Naomh Leoin an seó agus ansin thóg an grúpa Rí Rá an stáitse chun ceol bríomhar traidisiúnta a sheinm. Bhí amhránaíocht álainn sa sean-nós ón amhránaí Neil Ní Chróinín agus lean an ceol traidisiúnta ar aghaidh le seit iontach ón ngrúpa Plámás agus ina dhiaidh sin le ceoltóirí seisiúin Teach Dolmain.
Bhí an-éagsúlacht rince ar an oíche agus chuaigh rinceoirí na sinsearach go háirithe i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana le cur i láthair speisialta den damhsa Tonnta Tóraí. Bhí taispeántas bríomhar den rince gaelach ó Scoil Rince Adeline Dargan agus bhí taispeántas álainn den bhailé ó Scoil Aedeen O Hagan.
Lean an rince ar aghaidh le grúpa ó KYDS agus bhí meascán de rince cruthaitheach, snag agus damhsa nua aimseartha acu. Bhí níos mó rince bríomhar le slua mór ó Dance Republic le meascán hip hop agus an damhsa nua aimseartha. Coiméad súil amach don ghrúpa seo a bheidh ar ar an gclár ‘Got to Dance’ ar Sky1 go luath!
Bhí ardchaighdeán amhránaíochta i rith na hoíche curtha ar fáil ag Kathleen Nic Dhiarmada, Niall Mac Cearnaigh agus Pádraigín Caesar gan trácht ar an gceol binn ó na cláirseoirí.
Ba bhuacphointe iontach d’Fhéile an Fhómair an cheolchoirm agus ba mhaith le Glór Cheatharlach míle buíochas a ghabháil le gach éinne a chabhraigh agus a thug tacaíocht don imeacht go háirithe na rannpháirtithe uile, foireann na hamharclainne, na hudaráis áitiúil agus gach éinne a cheannaigh ticéad agus a tháinig amach chun tacaíocht a thabhairt don oíche ar son na Somáile.
News Description(English):
BRIDE de Róiste and Emma Whitmore of Glór Cheatharlach presented €3,000 last Thursday to Louise Forrister of Trócaire for aid in the Somalia crisis. The money was raised at a special Carlow Somalia Aid concert in the George Bernard Shaw Theatre as part of Féile an Fhómhair 2011.
Somalia’s crisis is a combination of famine, drought, crop failures, soaring food prices and diseases such as malaria, cholera, typhoid and measles. “One hundred per cent of the funds raised will be used for relief in Somalia,” said Louise Forrister of Trócaire.
Participants in the concert included the award winning St. Leo’s Chamber Choir under the direction of Ian Curran; Rí Rá, the Irish traditional music group of Carlow post-primary students under the guidance of Ciarán Somers and Dave Dheridan with solo singer Fiona Ní Mhurchú.
Aedín O’Hagan’s Ballet Barn group performed to the music of Minkus, Classical Ballet and Etain Feehan performed a modern dance solo. Cork native and Champion Sean-Nós singer Neil Ní Crónín sang “Hide and Seek.”
Carlow Active Retired group performed a beautiful Irish dance “The Waves of Tory” and the third level students Irish traditional group Plámás performed a number of selections. Caitlín Nic Dhiarmada, music student at D.I.T., sang two songs accompanied by Conor Maguire on keyboards.
Karen Yeats Dance School performed a special selection to end the first part of the concert. Helen Dunne’s at the school students performed modern, jazz, tap, hip hop and break dancing before the interval.
The Teach Dolmen musicians led by Ciarán Somers and Dave Sheridan started the second part of the concert in a very lively way and the pace was continued by the boys and girls from the Adelaine Dargan school of Irish Dancers. Hacketstown’s singer songwriter Niall McCarney, who recently qualified as a primary school teacher, performed two of his own compositions to a very warm reception.
Padraigín Caesar and three of her students, the Lambert family – two sisters and a cousin, performed a selection of harp pieces including the Belfast Reel before the grand finale performed by Carlow’s Dance Republic. This dance group under the direction of Nicola and Robyn Curran have just returned from opening Poptober in Waterford with Jedward and are soon to appear on SKY1’s “Got to Dance.”
Bríde de Roiste and John McDarby, who were joint MCs, thanked Róisín McGarr, Joe Flavin, Brian Sheill, Anthony Walsh, Daniel Craig, Emmet Jones, Caroline Byrne, Saidhbhín Gibson, Janice Brophy and Caroline O’Brien of the George Bernard Shaw Theatre but most of all they thanked the audience who raised so much for the Somalian crisis relief.
Date: October 21st, 2011
Spraoicheisteanna Fhéile an Fhómhair 2011
News Description(Irish):
B’iontach na hocáidí Gaelacha a reachtáladh i gCeatharlach mar chuid d’imeachtaí Féile an Fhómhair i mbliana. I measc na n-imeachtaí a bhí ar chlár na féile bhí ceol, drámaíocht, scéalaíocht agus spraoi. Chomh maith leis sin bhí dhá Spraoicheist, ceann amháin dírithe ar dhaltaí sa chéad bhliain agus ceann eile do dhaltaí ins na hardranganna i mbunscoileanna an cheantair.
Bhí beagnach fiche foireann i láthair do Spraoicheist na céad bliana a bhí ar siúl Dé Luain seo caite in Ionad Pharóiste na hArdeaglaise le daltaí ó Ghaelcholáiste Cheatharlach, Choláiste Naomh Leoin, Choláiste an Chnoic Bhig agus ó Choláiste na Toirbhirte/De la Salle Mhuinebheag san iomaíocht. Bhí éagsúlacht an-mhaith de cheisteanna le freagairt bunaithe ar cheol, chursaí reatha, spórt, scannáin, stair, tíreolas agus eolas ginearálta. Le comhscór ag deireadh na mbabhtaí tháinig foireann ó Ghaelcholáiste Cheatharlach agus foireann ó Choláiste Mhuinebheag araon sa chéad áit.
Tháinig beagnach céad dalta ó bhunscoileanna an cheantair maille lena dtuismitheoirí agus a múinteoirí le chéile i gClub Éire Óg ar oíche Mháirt chun páirt a ghlacadh i Quizboird na mBunscoileanna. Bhí 23 foireann páirteach ó ocht scoil éagsúil le daltaí ó Ghaelscoil Eoghain Uí Thuraisc, Scoil Bhaile Nua Dún Leicne, Scoil Dhiarmada, Scoil an Easpaig Úí Fhoghlú, Scoil Mhuire gan Smál, Beann na gCaorach, Gaelscoil Átha Í agus Scoil Chailíní an Teaghlaigh Naofa páirteach sa chomórtas.
Bhí idir mhúinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí thar a bheith sásta le caighdeán na gceisteanna. Ag deireadh cúig bhabhta bhí Scoil Bheann na gCaorach chun tosaigh le 42 marc as 50 agus bronnadh an chéad áit orthu. Tháinig foireann ó Scoil Dhiarmada sa dara háit le 39 marc agus bhí foirne ó Ghaelscoil Cheatharlach, Scoil Mhuire gan Smál agus Cailíní an Teaghlaigh Naofa ar chomhscór sa triú háit le 38 marc. Deineadh comhgháirdeachas leis na foirne go léir a ghlac páirt i Spraoicheist na Féile agus bronnadh duaiseanna deasa ar na buaiteoirí uile.
Gabhann Glór Cheatharlach buíochas ó chroí leis na múinteoirí, na tuismitheoirí agus na foirne uile a bhí páirteach i spraoicheisteanna Fhéíle an Fhómhair agus le muintir Éire Óg agus Ionad Pharóiste na hArdeaglaise as na háiseanna a chur ar fáil dúinn. Go mbeirimid beo ar an am seo arís.
News Description(English):
We had some fantastic events as part of this year's Féile an Fhómhair Autumn Bilingual Festival in Carlow. Included in this year's jam packed programme was music, drama, storytelling and lots of craic and ceol. We also had two table quizzes, one for senior level primary school children and one for first year second level students.
Almost twenty teams took part in our First Year's Table Quiz in the Cathederal Parish Centre, with teams from Gaelcholáiste Cheatharlach, St Leo's College, Knock Beg College and the Presentation De La Salle competing. The teams answered a variety of questions on music, sport, films, television, history, goegraphy, current affairs and general knowledge. We had a tie at the end of five rounds with teams from Gaelcholáiste Cheatharlach and the Presentation De La Salle, Muinebheag sharing first place.
Teams from primary schools across county Carlow gathered in the Éire Óg clubhouse for our annual primary schools quiz. Almost 100 children took part with 23 teams from Gaelscoil Eoghain Uí Thuraisc, Gaelscoil Atha Í, Newtown Dunleckney NS, Scoil Diarmada, Scoil Muire Gan Smál, Bennekerry and Askea Girls NS. Parents and teachers also helped out and the evening was a great success. A team from Bennekerry NS took first place with 42 marks out of 50, a team from Scoil Diarmada came in second with 39 marks and third place was shared by teams from Gaelscoil Ceatharlach, Scoil Muire gan Smál and Askea Girls NS with 38 points each. Glór Cheatharlach would like to thank all the pupils, parents, teachers, and volunteers who helped make the quizzes such a success witha particualr thanks to the staff of the Cathederal Parish Centre and Éire Óg. We're looking forward to next year's quizzes allready!
Date: October 21st, 2011
Sean Nós Dancing Course this Autumn in Carlow
News Description(Irish):
Anois agus deireadh tagtha leis an samhradh, tá na daltaí ar ais ar scoil agus tá daoine fásta ag smaoineamh ar chúrsa oíche a dhéanamh iad féin. Céard faoi thriail a bhaint as rud iomlán nua agus difriúil i mbliana? An bhfuil suim agat sa damhsa agus cúpla céim sa Sean-Nós a fhoghlaim? Bhuel má tá beidh ranganna sa sean-nós ar ais i gCeatharlach an fómhar seo agus cuirfear fáilte is fiche romhat.
Reachtálfar cúrsa deich n-oíche i nGaelcholáiste Cheatharlach, Easca gach Céadaoin ó 7.30-8.30 i.n. le tosnú ar 5 Deireadh Fómhair. Tá costas €50 ar an gcúrsa agus ‘sé Liam Ó Scanláin an múinteoir. Chun clárú don chúrsa ní foláir dul i dteagmháil leis an nGaelcholáiste ar 059 9132130. Tá gach eolas ag Glór Cheatharlach ach glaoch a chur ar 085 1340047 nó 087 2857048.
News Description(English):
Thanks to the extensive exposure on television programmes such as Jig Gig, Dance Craze and Steip the Sean-Nós dance craze continues nationwide. Carlow is no exception and this autumn will see the return of evening classes. The ten week sean-nós course will be held in Gaelcholáiste Cheatharlach on Wednesday nights from 7.00-8.00pm commencing on Wednesday, 5 September. Tutor will be Mayo native and all-Ireland sean-nós champion, Liam Ó Scanláin. The course fee is €50. Advance booking is essential and to reserve a place please phone the Gaelcholáiste on 059 9132130. Full details also from Glór Cheatharlach on 059 9158105 or 085 1340047.
Date: September 20th, 2011
Irish Evening Classes Autumn 2011
News Description(Irish):
Tosnóidh sraith nua ranganna oíche Gaelchultúr ar an 19ú Meán Fómhair 2011. Cúrsa 12 seachtain, oíche amháin sa seachtain. Trí leibhéal ar fáil, Bunrang, Meánrang 1 & Meánrang 2. Gach eolas & clarú ar www.gaelchultur.com. Praghas speisialta €200 d'éinne cláraithe roimh 9 Meán Fómhair.
News Description(English):
Irish language evening classes will commence again the week of September 19th 2011. The courses run for 12 weeks one evening a week for two hours. There are three levels on offer-beginners, lower and upper intermediate. Full information and registration on www.gaelchultur.com. A special reduced rate of €200 for the course is on offer to anybody who registers before September 9th.
Date: August 22nd, 2011
Corn Peile Ghlór na nGael 2011
News Description(Irish):
Reachtáileadh comórtas Corn Peile Ghlór na nGael 2011 an tseachtain seo caite. ’Séard atá i gceist leis an gcomórtas áirithe seo ná bliotz sa pheil ghaelach do pháistí bhunscoile chun an nasc idir ár gcluichí gaelacha, ár gcultúr agus ár dteanga a chothú, a chaomhnú agus a neartú. Glór Cheatharlach a eagraíonn an comórtas le tacaíocht na múinteoirí a chuireann an pheil chun cinn ina gcuid scoileanna féin.Rud suimiúil faoi Chorn Ghlór na nGael ná go bhfuil an comórtas teoranta d’imreoirí i rang a cúig agus níos óige. Ní cheadaítear daltaí sinsearacha ar an bpainéal. Tá an comórtas ag dul ó neart go neart le níos mó scoileanna páirteach ann bliain i ndiaidh bliana. Imrítear na cluichí uile ag deireadh na scoilbhliana agus tugtar cuireadh do bhunscoileanna uile an cheantair.
Imríodh cluichí na gcailíní tráthnóna Dé Céadaoin seo caite le sé scoil san iomlán páirteach. Rinneadar go léir a seacht ndícheall agus bhí an-spraoi ag na himreoirí óga. Is i bpáirceanna glasa Éire Óg a imríodh na cluichí. Bhíodar ann ó Ghaelscoil Átha Í, Gaelscoil Cheatharlach, Scoil an Teaghlaigh Naofa, Beann na gCaorach, Baile Haicéad agus Baile na mBreathnach. Lena gcluichí go léir buaite acu sa chéad bhabhta dob iad Beann na gCaorach agus An Ghaelscoil a cháiligh don chraobh. Le foireann an-láidir bhí an bua ag Beann na gCaorach agus ghlac captaen na foirne, Róisín Ní Bhraonáin leis an gCorn.
Na buachaillí a bhí san iomaíocht ar an Déardaoin agus tháinig ocht bhfoireann chun imirt. Bhí sár imirt agus coimhlint ghéar le feiceáil ar na páirceanna imeartha ó Scoil an Easboig Uí Fhoghlú, An Tulach, Beann na gCaorach, Gaelscoil Cheatharlach, Gaelscoil Átha Í, Baile Haicéad agus Baile na mBreathnach. Le dhá chomórtas ann ba Scoil an Easboig Uí Fhoghlú a bhuaigh i rannóg scoileanna na mbuachaillí agus Gaelscoil Cheatharlach a bhuaigh rannóg na scoileanna meascaithe. Ba le háthas a ghlac na captaein, Lee Ó Dubhshláine agus Cameron Ó Laitheasa len a dtrófaithe.
Bliain eile an-sásúil de Chorn Peile Ghlór na nGael thart, comórtas atá ar siúl bliain i ndiaidh bliana ó 1996anuas. Go maire sé an scór!
News Description(English):
The annual Glór na nGael gaelic football competitions were held last week with a total of foureen teams from local primary schools participating. An attractive feature of this popular end-of-year event is that players are drawn from fifth class and under. Senior pupils are not included in the panel. Sponsored and organised by Glór Cheatharlach, the competitions were run in a round robin blitz format for girls’ teams on Wednesday and for boys’ teams on Thursday. All games were played in the Éire Óg beautifully manicured pitches with the kind assistance of management and staff at the club.
On Wednesday afternoon girls’ teams representing Baile na mBreathnach, Gaelscoil Cheatharlach, Scoil an Teaghlaigh Naofa, Baile Haicéad, Gaelscoil Átha Í and Beann na Coire played in extremely cold conditions. Ranging from a number of experienced footballers with club and school training under their belts to those proudly donning the football jersey for the very first time, all the girls played their hearts out encouraged by the large turnout of parents and teachers on the sidelines. Winning all of their games in the preliminary rounds, Bennekerry and Gaelscoil Cheatharlach went on to play a repeat of last year’s final. This started out a well contested game but a much stronger Bennekerry team won back the Glór na nGael Cup from last year’s winning school. A delighted Róisín Ní Bhraonáin accepted the Glór na nGael Cup.
Thursday afternoon and it was the turn of the boys with a total of eight schools coming along to participate in two competitions-one for mixed schools and the other for the larger all boys’ schools.. In the mixed schools’ competition teams from Gaelscoil Cheatharlach, Baile Haicéid, Gaelscoil Átha Í, Baile na mBreathnach and two teams from Beann na Coire gave their all and following some very skilful play and some terrific scores Hacketstown and Gaelscoil Cheatharlach went on to contest the final. This was Hacketstown’s first time to reach the final and they gave it their all. However a more experienced Gaelscoil outfit ensured the cup went home with them and a delighted captaen Cameron Ó Laitheasa accepted the Ghlór na nGael Shield 2011.
Meanwhile the larger all-boys’ schools of An Tulach and Scoil an Easboig Uí Fhoghlú fielded teams to put on a great display of the best of underage gaelic football. Winning easily in the end the Bishop Foley boys were crowned champions yet again and their captaen Lee Ó Dubhshláine raised the Glór na nGael cup aloft to rapturous applause.
Speaking on behalf of Glór Cheatharlach, Bríde de Róiste said “We’re delighted with the continued interest in Corn Ghlór na nGael. The competition is extremely popular with teachers and players. It’s a real celebration of underage gaelic football and features many players who may not otherwise get the opportunity to line out for the school team.” Bríde paid special tribute to the teachers/managers of all fourteen teams as well as to the réiteoirí John Kearns, Pat Kehoe and Brendan Hayden who ensured two very free flowing afternoons of football.
Date: June 13th, 2011
Oíche Mhór Cheiliúrtha
News Description(Irish):
Thángadar ina sluaite idir óg agus sean, idir chléir agus tuataigh. Daoine ar bheagán Gaeilge, foghlaimeoirí na teanga, cainteoirí líofa, díograiseoirí chomh maith leo siúd an cupla focal. Ach thar aon ní eile bhíodar ann chun an laoch Mícheál Ó Muircheartaigh a fheiceáil agus a chloisteáil. Cuireadh míle fáilte roimh an fear uasal agus faoi mar is dual dó chothaigh sé atmaisféar lán de dhóchas, de mhisneach agus d’fhuinneamh gan mhoill sa halla.
Ócáíd mhór dhátheangach na bliana eagraithe ag Glór Cheatharlach a bhí ar siúl san Ostán Seven Oaks ar an Mháirt, 18ú Eanair agus míreanna suimiúla ar chlár na hoíche. Lainseáil oifigiúil an phacáiste dhátheangach An Doirseoir ar bharr an liosta agus thug An tAthair Leo Mac Amhlaoibh ó mhainistir áitiúil na gCaipisíneach cur síos ar an tionscnamh ó thus deireadh. Scéal beatha an Athar Solanus Uí Chathasaigh a chaith os cionn leath chéad bliain i mainistir éagsúla i Meiriceá ag feidhmiú mar dhoirseoir a bhí sa leabhrán The Doorkeeper. Níor ceadaíodh dó faoistin a éisteacht ná seanmóir a thabhairt toisc go raibh ceist ag údaráis na gCaipisíneach maidir lena chumas intleachta agus acadúla i gcomhair na sagartóireachta. Bíodh as an gcoitiantacht dá shagartóireacht, ba rathmhar torthúil í mar sin féin. Joan Coen as Ceatharlach a d’aistrigh an leabhrán go Gaeilge faoin teideal An Doirseoir agus Glór Cheatharlach a chuir ar fáil ar dhlúthdhiosca.
News Description(English):
Tugadh an cuireadh don Mhuircheartach, cara mór na Gaeilge i gCeatharlach le tríocha bliain anuas, an pacáiste a sheoladh go hoifigiúil agus ghlac sé leis go fonnmhar. Faoi mar a dúirt sé “Is aoibhinn liom teacht go Ceatharlach”. Mhol sé an pacáiste go hard na spéire agus dúirt gur fiú an rogha teanga a chur ar fáil do dhaoine chomh fada agus is féidir. Ina chás féin roghnaíonn sé an Ghaeilge i gcónaí agus mhol sé bealach láidir an dátheangachais atá i réim i gCeatharlach i láthair na huaire. Mhol sé An Doirseoir mar áis d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge. Mar chuimhneachán ar a chuairt bronnadh plaic leis an ealaíontóir Anne Murphy ar Mhícheál ag léiriú Naomh Breandán, an loingseoir a thaisteal i bhfad ó bhaile agus de réir na seanscéalta fiú suas an Bearbha chomh fada le Gráig na Manach agus an cnoc ann dar teideal Mount Brandon.
Tá An Doirseoir ar fáil ar chostas €5 in Ionad Pharóiste na hArdeaglaise, in oifig Mhainistir na gCaipisíneach agus ó Glór Cheatharlach. Tuilleadh eolais ach glaoch ar 085 1340047 nó emma@glorcheatharlach.ie
Bronnadh teastas agus an fáinne ar ghrúpa de rannpháirtithe na gcúrsaí Gaelchultúir agus seoladh sraith nua na gcúrsaí a bheidh ar siúl ní hamháin i gCeatharlach ach go náisiúnta le tosnú ag tús Mhí Feabhra. Ag fógairt deascéala do Cheatharlach a bhí Éamonn Ó hArgáin thar cheann Foras na Gaeilge agus €164,000 de mhaoiniú faoin Scéim Phobail Gaeilge 2011-20133 ar an slí go Glór Cheatharlach thar an treimhse trí bliana. In onóir don ócáid chan Treasa Ní Eachthghuirn amhrán nuachumtha agus thug rinceoirí seite na Dolmaine taispeántas spleodrach den Sliabh Luachra. Deascéalta agus bronntaí i gcaitheamh na hoíche. Oíche mhór cheiliúrtha gan dabht.
Date: January 20th, 2011
Dreoilín Cheatharlach
News Description(Irish):
Is nós ceilteach agus traidisiúnta é An Dreoilín agus is cuid thábhachtach é dár gcultúr agus dár n-oidhreacht. Titeann Lá an Dreoilín ar Lá le Stiofán, an 26ú Nollaig, agus ar an lá áirithe seo gléasann daoine idir óg agus fásta suas le haghaidheanna fidil, balcaisí agus tuí agus téann siad timpeall ó theach go teach ag canadh, ag seinm ceoil agus ag damhsa. Is iontach an radharc a bhíonn le feiceáil agus is iontach an fháilte a cuirtear roimh an Dreoilín. Bailítear airgead ar an slí ar son carthanachtaí éagsúla agus bíonn daoine fial flaithiúil i gcónaí.
Is in iarthar na tíre is treise atá nós an dreoilín go háirithe sa Daingean, i Lios Tuathail agus i mbailte áirithe i gContae an Chláir. Deineadh aiséirí ar An Dreoilín i gCeatharlach sa bhliain 2004 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin i leith. Eagraithe ag Glór Cheatharlach i gcomhar le Rinceoirí Seite na Dolmaine, tá breis is €20,000 bailithe do charthanachtaí éagsúla le sé bliana anuas.
Tá gach rud in ord is in eagar arís i mbliana agus cuirfear Dreoilín Cheatharlach i láthair an phobail i Siopalann Fairgreen ar Dé Sathairn, 18ú Nollaig idir 4.00 agus 7.00i.n. áit a bheidh rince seite, sean-nós agus ceol céilí den scoth ar siúl i rith an ama. Cuirfear fáilte mhór roimh lucht féachana agus síntiúis idir bheag agus mór ar mhaithe le ciste tógála Oispís Chontae Cheatharlach.
Beidh An Dreoilín amuigh i gCeatharlach ar Lá le Stiofán féin ag tosnú ag 4:00 san iarnóin in Ospidéal an Chroí Ró Naofa agus ag casadh le daoine ar na sráideanna chomh maith. Ní bheadh an lá ná an nós cuí gan cuairteanna ar na tithe tábhairne áitiúla áit a mbíonn daoine fáiltiúil agus fial. Sea go deimhin, is iontach an nós é An Dreoilín agus is fiú é a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile. Iarrtar ar gach éinne a bheith páirteach an Nollaig seo.Is bealach iontach é chun Spiorad na Nollag a chothú agus a roinnt le chéile. Bí ann agus fáilte.
News Description(English):
Glossary:
Dreoilín Cheatharlach CarlowWrenboys
nós ceilteach celtic custom
oidhreacht heritage
radharc sight
fial flaithiúil generous
carthanachtaí charities
siopalann shopping centre
iarnóin afternoon
Date: December 9th, 2010
Information Meeting /Cruinniú Eolais
News Description(Irish):
Tuairiscíonn Glór Cheatharlach go bhfuil an-suim go deo i ranganna Gaeilge i gCeatharlach an fómhar seo. Tá clárú ar siúl i láthair na huaire. Tionólfar cruinniú eolais ar na Cúrsaí Gaelchultúir in Oifigí an Chomhairle Chontae, Bóthar Átha Í, Ceatharlach ar an Déardaoin, 9ú Meán Fómhair @ 7.00i.n. Beidh gach eolas ar fáil agus cuirfear fáilte roimh chách.
News Description(English):
Glór Cheatharlach is delighted to announce that there’s huge interest in learning Irish in Carlow this autumn. Enrolment is in full swing for all Irish classes for adults which are due to commence in late September.
To assist all participants to choose the course which best suits them an information meeting will be held in Carlow County Council Building, Athy Road, on Thursday, 9 September at 7.00pm. A representative of Gaelchultúr will be there to talk about the range of courses on offer. All interested in learning Irish or improving their Irish skills are welcome to attend. Final enrolment will take place on the night.
Full details on all Irish Classes/Courses running in Carlow this autumn are available from Glór Cheatharlach on 085 1340047, 059 9158105 or go along to the information evening on Thursday at 7pm. Beidh fáilte romhat
Date: September 7th, 2010
Bronnadh Duaiseanna Ghlór na nGael 2009
News Description(Irish):
Ceiliúradh Mór i mBéal Feirste
Thaisteal ionadaithe ó Glór Cheatharlach go Béal Feirste le déanaí chun a bheith i láthair ag an ocáid iontach stairiúil nuair a bronnadh Trófaí agus Duaiseanna Ghlór na nGael don bhliain 2009 ar choistí, eagrais agus comhluchtaí as an méid a bhí déanta acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail ina rabhdar ag saothrú l bliain anuas. Ocáid iontach stairiúil in ionad stairiúil a bhí ann leis an searmanas ag dul ar aghaidh i Halla na Cathrach,i bhFoirgnimh an Rialtais,Stormont. Bhí an Halla Mór ársa curtha ar fáil ag leas mhaor na cathrach, An tUasal Danny Lavery agus bhí an áit dubh le Gaeilgeoirí ó cheann ceann na tíre. Cuid acu ag glacadh le duaiseanna agus gradaim agus cuid eile ag ceiliúradh a mbuanna leo. Agus bhí Ceatharlach ina measc!
D’fhreastail Bríde de Róiste agus Áine Uí Fhaoláin thar cheann Glór Cheatharlach agus Oifigeach Forbartha na Gaeilge, Emma Whitmore chomh maith le Sue Nunn, thar cheann stáisiún Kclr96fm, ar an ocáid agus ní nach ionadh le trí ghradam agus €5,500 san áireamh le bailiú acu. Bhí an tAire Eamon Ó Caoimh i láthair chun na duaiseanna go léir a bhronnadh le Trófaí Ghlór na nGael agus seic gur fiú €50,000 ag dul don ghrúpa díograsach áitiúil, An Droicdead. Fuair Glór Cheatharlach an dara duais i leibheal 3 den chomórtas móide €3,000 mar gheall ar an bplean agus gníomhaíocht le stádas dátheangach a bhaint amach don bhaile agus as leithéidí ciorcail chomhrá, clubanna sóisialta, colúin Ghaeilge agus poiblíocht sa Carlow Nationalist, ranganna Gaelchultúr, féiltí, imeachtaí sóisialta, clár an tsamhraidh, cláir Ghaeilge ar an raidió áitiúil agus imeachtaí éagsúla eile nach iad ó cheann ceann na bliana. Chomh maith leis sin bronnadh Duais Chló Iar-Chonnachta agus dearbhán €1,000 ar Glór Cheatharlach as an méid a bhí déanta ar son cur chun cinn litríocht go háitiúil.
Duais tráchtála Udarás Craolacháin na hÉireann agus €1,500 a bronnadh ar Kclr96fm mar aitheantas as na seirbhísí Gaeilge, idir chláir Ghaeilge agus abairtí Gaeilge scaipthe go nádúrtha tríd an ghnáthsheirbhís Bhéarla, ar an stáisiún ag cloí go mór agus go díograsach le fás agus forbairt leanúnach na Gaeilge sa cheantar. Luadh go háirithe an clár Tobar an Cheantair a craoltar beo gach Céadaoin idir 9.00 agus 10.00i.n. i gcomhar le Glór Cheatharlach.
Bhí muintir Cheatharlach thar a bheith tógtha leis an ocáid agus d’aontaigh siad ceathrar gurbh fhiú go mór an turas fada. Tar éis dinnéar blasta agus oíche shiamsaíochta de cheol, damhsa agus amhránaíocht den scoth d’fhilleadar abhaile lán de spiorad, dóchas, misneach agus smaointí nua galore i leith na Gaeilge i gCeatharlach. Cuirimis chuige agus bímis uile páirteach!
News Description(English):
The presentation of the Glór na nGael Awards for 2009 took place at a gala ceremony held in the magnificent City Hall, Belfast on Saturday and amongst the guests present to collect their awards were representatives of Glór Cheatharlach and of Kclr96fm. The annual Glór na nGael awards are a recognition of achievements by communities in the promotion of the Irish language at local level. A total of 120 groups throughout the length and breadth of the country were included in the adjudication process in 2009 with the community of An Droichead in Belfast carrying off the overall award as well as €50,000 in prizemoney and the honour of hosting the prestigious awards ceremony. An tAire Eamon Ó Cuiv T.D. Minister for Community, Rural & Gaeltacht Affairs presented the awards.
Glór Cheatharlach received two awards. There was 2nd prize in level 3 of the competition and €3,000 in prizemoney for its continued endeavours in the promotion of Carlow Town as a bilingual centre as well as a special award to the value of €1,000 for the advancement of literary events through Irish throughout the year including book launches, public readings, poetry sessions and book fairs ‘as Gaeilge’. The citation included the success of Glór Cheatharlach in presenting Carlow as a town of cultural stature. Representing Glór Cheatharlach at the ceremony were Emma Whitmore, Bríde de Róiste and Áine Uí Fhaoláin.
Kclr96fm received the local radio award, sponsored by the Broadcasting Authority of Ireland, as Best Commercial Station for its use of Irish in the station’s popular weekly programme ‘Tobar an Cheantair’ which is presented in association with Glór Cheatharlach on Wednesday nights from 9.00-10.00pm as well as incidental use of the language throughout regular broadcasting in an informal and incidental manner. There to accept the award on behalf of Kclr96fm was Sue Nunn, presenter of The Sue Nunn Show broadcast Monday to Friday between 9.00am and 12 noon.
The Awards ceremony included the first ever guided tour through Irish of City Hall as well as a drinks reception in the grand Rotunda Balcony hosted by the Australian Ambassador to Ireland, Bruce Davis and a gala banquet in the Main Hall followed by traditional entertainment.
Glór Cheatharlach’s programme of events for 2010 is already well on target following its update on Bilingual Town Status, a hugely successful Seachtain na Gaeilge and St. Patrick’s Féile and another series of Gaelchultúr courses for adults underway. Applications are pouring in for places in its summer programme which includes Coláiste Samhraidh summer courses for teenagers, Mini-Campa and Summer Camps ‘as Gaeilge’ for children and the opportunity for adults to take on a mini six week Gaelchultúr Irish language course. Glór Cheatharlach is also in the process of renewal and rejuvenation and has opportunities for many many adults to become involved in several diverse and interesting aspects of the promotion of Irish in the community. For further details please contact Glór Cheatharlach on 059 9158105, 085 1340047 or check out www.glorcheatharlach.ie
Date: July 22nd, 2010
Cuairt an Aire go Cheatharlach
News Description(Irish):
Tugann an tAire Ó Cuív ardmholadh don Ghaeilge i gCeatharlach
Tionóladh ocáid cheiliúrtha faoi theanga agus chultúr na Gaeilge i gCeatharlach ar an Déardaoin, 14ú Eanair 2010. Bhí an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Eamon Ó Cuív T.D. i láthair ag an searmanas in Oifigí an Chomhairle Chontae agus thug sé ardmholadh do staid na teanga i mBaile Cheatharlach go háirithe don chomhoibriú idir na hudaráis áitiúla agus Glór Cheatharlach. Chuir Feargal de Brún, Leaschathaoirleach an Chomhairle Chontae fáilte chroíúil roimh an Aire.
Deineadh ceiliúradh ach go háirithe ar an rath mór atá ar na Cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta atá eagraithe ag Glór Cheatharlach i gcomhar le Gaelchultúr Teo ó Mhí Mheán Fómhair 2008. ‘Sé an bua atá leis na cúrsaí seo ná go bhfuil siad grádaithe chun freastal ar chaighdeán gach uile foghmaimeora ó fhíor thosaitheoirí go bun, meán agus ard leibhéil. Bhí Darren Ó Roidigh i lathair thar cheann Gaelchultúr Teo agus dúirt sé go raibh Ceatharlach mar cheannródaí agus mar dheashampla don tír uile sa tslí ina bhfuil na cúrsaí á n-eagrú. Tá an t-éileamh ar Chúrsaí Ghaelchultúir dochreidte i gCeatharlach. Tá 240 chúrsa tógtha anseo agaibh le bliain go leith anuas. Níl a leithéid ná a shárú i mbaile nó i gcathair ar bith eile”, arsa Darren.
Teastas agus Fáinne
Bhronn an tAire teastas agus an fáinne Gaeilge ar ghrúpa de 25 duine a chríochnaigh a gcúrsaí Ghaelchultúir roimh Nollaig. Mar chomhartha aitheantais don Chomhairle Chontae as seomraí agus áiseanna a sholáthar saor in aisce oíche i ndiaidh oíche do na ranganna bhronn an tAire agus Darren an Gradam Ghaelchultúr don Earnáil Phoiblí 2010 ar Thomás de Barra, Bainisteoir an Chontae agus ar Leaschathaoirleach an Chomhairle. Ba ghleoite an píosa dealbhadóireachta a bronnadh. Píosa de dhairphortach dar teideal ‘An Préachán’ a léiríonn an gaiscíoch Setanta ar an dé deiridh ach é fós ag cur eagla ar a chuid naimhde go dtí gur thuirling an préachán nó fiach dubh ar a ghualann le cruthú go raibh an laoch misniúil marbh. “Beidh áit shuntasach don Ghradam in Aras an Chontae i gcónaí”, arsa an bainisteoir.
Aitheasc an Aire
Rinne an tAire ina aitheasc bríomhar moltach comhgháirdeachas ó chroí le Glór Cheatharlach, na hudaráis áitiúla agus chuile dhuine atá ag saothrú le blianta agus i gcónaí ar son na Gaeilge i gCeatharlach. Dúirt sé go bhfuil an Ghaeilge fíor-thábhachtach dúinn mar phobal agus mar náisiún agus gur beag bealach atá ann, atá chomh bunúsach agus chomh tabhachtach lena chinntiú go mairfidh sí, ná na hiarrachtaí a thagann ón bpobal féin. Agus é ag tagairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a foilsíodh roimh Nollaig dúirt sé go bhfuil sé soiléir go bhfuil tromlach na ndaoine , idir dhaoine a labhraíonn agus nach labhraíonn Gaeilge, dearfach i leith na teanga. Dúirt sé go bhfuil eolas éigin ar an teanga ag líon mór daoine agus gur cheann de phríomh aidhmeanna an straitéis ná daoine a bhogadh ó eolas go usáid. “Is mian linn an líon sin daoine a labhrann Gaeilge go laethúil a ardú go 250,000 thar an 20 bliain atá romhainn. Is léir go bhfuil an chur chuige ceart ag bailte ar nós Ceatharlach chun cabhrú linn an aidhm sin a bhaint amach ”, arsa an tAire.
Ionad Gaeilge do Cheatharlach?
“Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine sách muiníneach a gcuid Gaeilge, pé leibhéal atá acu,a usáid gan eagla orthu go gceartófaí iad nó go mbeidís mí-shuaimhneach. Tá sé riachtanach go n-usáidfeadh daoine le Gaeilge an teanga nuair atá an deis acu í a chur ar aghaidh chuig a bpáistí agus tacú lena husáid laistigh den phobal. Táim féin muiníneach go leanfaidh an Ghaeilge ag déanamh go maith le hiarrachtaí dearfacha i measc an phobail agus tá sé i gceist agam cur leis an líon ionaid Gaeilge i mbailte ar fud na tíre, áiteanna go bhféadfadh daoine le Gaeilge bualadh isteach agus casadh lena gcairde agus réimse leathan seirbhísí pobal trí Ghaeilge a fháil,” ar sé. Agus bhí gach éinne a bhí i láthair ar aon intinn go mbeadh Ionad Gaeilge dá leithéid go hiontach do Cheatharlach!
Chun críoch a chur leis an oíche ghabh Tomás de Barra buíochas leis an Aire agus bhronn sé trí leabhar a foilsíodh i gCeatharlach le linn Féile an Fhómhair air- An Banana Bean Sí agus Scéalta Eile le Deirdre Brennan, Turas go Bun na Spéire le Rita Kelly agus Lucinda Sly le Maidhc Dainín Ó Sé. Bhí Deirdre agus Rita i láthair agus chas an tAire leo beirt.
Ocáid mhór Ghaelach eile i gCeatharlach agus céim eile chun tosaigh ar an mbóthar chun Stádas Bhaile Dhátheangach a bhaint amach don bhaile. Agus ar ndóigh sraith nua de Chúrsaí Ghaelchultúr le tosnú i Mí Méan Fhómhair. Cúig leibhéal á dtairiscint arís agus clárú ar line ar siúl faoi láthair ar www.gaelchultur.com . Gach eolas ó 1890 252 900 nó ó Glór Cheatharlach ar 085 1340047 nó 059 9158105.
News Description(English):
240 Gaeilge Courses delivered in Carlow in 18 Months!
The staggering fact to emerge from the gala event which took place on Thursday, 14 January 2010 in a celebration of the Irish language and culture in Carlow was that a massive 240 Gaelchultúr Irish Courses have been delivered here over the past year and a half.
Glór Cheatharlach in association with Gaelchultúr Ltd first introduced the very popular courses to Carlow in September 2008. “ The slogan is to ‘Learn & Enjoy Irish’ and the highly communicative and participative approach to acquiring Irish in a fun and enjoyable way is key to its success”, according to Bríde de Róiste of Glór Cheatharlach.
The Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs, Éamon Ó Cuív, T.D. attended the ceremony where he delivered a rousing and upbeat speech expressing his confidence in the future of the language thanks to the efforts of many communities in large urban areas such as Carlow Town. “It’s future lies in the hands of the community”, he said to much applause.
The Minister presented certificates and an fáinne to 25 participants of the Gaelchultúr Courses completed just before Christmas while there was special recognition for Carlow Local Authorities for their continued support by providing rooms and facilities thus enabling all levels to be delivered by Gaelchultúr. The Gaelchultúr Award 2010 was presented by An tAire Ó Cuív and Darren Ó Roidigh of Gaelchultúr to Bainisteoir an Chontae,Tom Barry.
Congratulating all who had taken on learning Irish the Minister urged them to make the move from knowledge to usage and to pass on the language to the next generation. He said “Everybody who has some Irish, regardless of their level, should avail of every opportunity to speak it at school, in the home, in business and in the community”.
There was a presentation of three Irish books by the county manager to Minister Ó Cuív, An Banana Bean Sí agus Scéalta Eile and Turas Go Bun Na Spéire by local writers Deirdre Brennan and Rita Kelly as well as the historical novel based on local events Lucinda Sly by Kerry author Maidhc Dainín Ó Sé.
The event closed with the announcement that a new series of Gaelchultúr Courses will commence in Carlow in the first week of February. Full details from 1890 252 900 with registration on line at www.gaelchultur.com or from Glór Cheatharlach on 085 1340047 and 059 9158105.
Date: July 22nd, 2010
Suirbhé ar an nGaeilge i gCeatharlach
News Description(Irish):
Tá an-áthas ar Glór Cheatharlach a fhógairt go bhfuil socruithe idir lámha chun taighde a dhéanamh ar “ Dearcaidh agus Taithí i leith na Gaeilge i gCeatharlach 2010”. Is cuid thábhachtach de straitéis phleanála teanga Ghlór Cheatharlach an togra seo chun cumais Gaeilge agus usáid na teanga a ríomhadh chomh maith le teacht ar mholtaí i leith na bhféidireachtaí is fearr chun an usáid a leathnú níos mó fós sa todhchaí.
Déanfar an suirbhé ar 300 duine roghnaithe go randamach ó chlár na dtoghthóirí i mBaile Cheatharlach agus an ceantar máguaird. Is trí ceistneoir cuimsitheach réitithe ag Fionnuala Ní Mhórdha, léachtóir i Roinn na Tíreolaíochta, Ollscoil na hÉireann Mhá Nuad a dhéanfar na hagallaimh i rith Mhí an Mheithimh. Deineadh a mhacasamhail de thaighde i gCeatharlach sa bhliain 1985 agus beidh sé an-suimiúil torthaí an tsuirbhé reatha a chur i gcomparáid leis na torthaí a tháinig chun solais cúig bliana is fiche ó shin. Agus beifear ag súil go dtiocfar ar mholtaí i dtaobh gníomhaíochtaí nua a chuirfidh le cothú agus cumasú na Gaeilge i measc an phobail ins na blianta amach romhainn.
Tá Glór Cheatharlach buíoch d’Fhoras na Gaeilge as tacú leis an togra tábhachtach seo, díobh siúd a chuirfear faoi agallamh agus an fiche duine deonach atá chun an suirbhé a thabhairt chun críche. Déanfar torthaí an taighde a sheoladh go hoifigiúil ag ocáid ar chlár Fhéile an Fhómhair i Mí Dheireadh Fómhair.
News Description(English):
An in-depth survey entitled “People’s Experiences and Opinions on the Irish Language in Carlow 2010” will be carried out by Glór Cheatharlach during the month of June.
The survey will seek to ascertain attitudes towards the language, ability and frequency of use and suggestions as to initiatives which might increase acquisition and use of Irish in the community.
A similar survey was last carried out in Carlow in 1985 and now, twenty five years on, the results gleaned from the current research will be compared and contrasted with those thrown up a quarter of a century ago.
The survey will be carried out on 300 people randomly selected from the most recent census of population in Carlow town and environs. A total of twenty volunteers have signed up to carry out the research and will visit the homes of those selected taking the specially compiled questionnaires for completion. Each interview will last approximately 10 minutes. The questionnaire was compiled by Ms. Fionnuala Ní Mhórdha, lecturer in the Geography Department, NUI Maynooth and now resident in Carlow.
Glór Cheatharlach is calling on all those selected to co-operate with the survey as it is important to get a true reflection of people’s opinions and attitudes towards Irish following some thirty years of dynamic promotion of the language in Carlow. It is expected that results of the research will be published during Féile an Fhómhair in October and a programme of activities and initiatives arising from the findings will be embarked upon over the coming years.
Full details in relation to the survey may be had from Glór Cheatharlach on 085 1340047 or 059 9158105.
Date: June 10th, 2010