An Ghaeilge i gCeatharlach ó 1970 Anall                Click here for English version

Is iomaí duine atá tar éis saothrú i ngort na Gaeilge i gCeatharlach ó bunaiodh an chéad choiste Ghlór na nGael sa bhaile seo sa bhliain 1970.

Dé réir miontuairscí an runaí ag an am, Pádraig P. Ó Drisceoil, “Cuireadh tús le Glór na nGael i gCeatharlach nuair a labhair An tAthair Tómas Ó Fiaich faoi chuspóirí agus aidhmeanna an chomórtais ag cruinniú poiblí a tionóladh san Ostán Ríoga ar 27ú Aibreán,1970. Bhí dhá chéad,idir óg agus fásta,i láthair”.

1982 TÚS NA GAELSCOILE Tugann na miontuairiscí céanna cur síos ar spiorad agus dhíogras an choiste agus fuadar futhu is iad ar a seacht ndícheall chun duais a ghnothú – rud a thárla nuair a bronnadh Teastas le hArdmholadh ar Cheatharlach i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael na bliana 1970.

Sea, is iomaí duine – na céadta gan dabht – atá tar éis a bheith bainteach a bheag nó a mhór le saol na Gaeilge bliain i ndiaidh bliana ó shin i leith i mBaile Cheatharlach.

Bogfaimid ar aghaidh go 1979 agus ag an am áirithe úd bhí droch staid ar an nGaeilge i gCeatharlach agus ba bheag éifeacht a bhí ag iarrachtaí na nGaeilgeoirí chun dul i bhfeidhm ar an ngnáthphobal. Tháinig dream beag díograiseoirí le chéile chun iarracht úrnua a dhéanamh ar son na cúise. I measc na ndíograiseoirí úd bhí An tAthair Caoimhín Ó Néill, Deirdre Mhic Bhranáin, Séamus Mac Páirc, Pádraig Ó Snodaigh agus Bríde de Róiste.

Éigse Cheatharlach ’79

1982 TÚS NA GAELSCOILESocraiodh ar dheireadh seachtaine d’imeachtaí a eagrú a spreagfadh an duine le deathoil don teanga ach ar bheagán Gaeilge seachas díriú ar an dornán beag de Ghaeilgeoirí na háite. Agus b’shin mar a saolaoidh Éigse Cheatharlach nó Éigse ’79 i Mí Aibreáin 1979. Bhí taispeántas ealaíne, cóisir fíona is cáise, céilí, siúlóid, léamh filíochta, ceolchoirm , paráid agus An tAthair Pádraig Ó Fiannachta in airde ar leoraí ar Bhóthar Átha Í chun Féile na hÉigse a oscailt go hoifigiúil!

Bhailigh na sluaite chuig imeachtaí uile na hÉigse ó Aoine go Domhnach. Bhí aitmaisféar Gaelach le spiorad nua agus dearcadh dearfa i leith na Gaeilge le braith ar fud an bhaile an deireadh seachtaine úd. Bhí féile i gCeatharlach agus, níos fearr fós, b’iad lucht na Gaeilge a bhí i mbun reachtála. Bhí tacaíocht don Éigse ag teacht ó gach aicme den saol – na hudaráis áitiúla, an nuachtán áitiúil, The Carlow Nationalist, lucht gnó, na scoileanna, an eaglais agus muintir na háite. Tacaíocht fhlaithiúil gan coinníoll don fhéile leis an ainm ait – an cheist ba shuntasaí ná “Cad is brí leis an bhfocal Éigse?” B’shin athrú iontach ón gceist a bhíodh i mbeál an phobail roimhe san – “Cén fáth an Ghaeilge, cad chuige í?”

Naíonra, Gaelscoil agus Gaelcholáiste

1982 TÚS NA GAELSCOILEBa léir go raibh ré nua i ndán don Ghaeilge i gCeatharlach. Shocraigh coiste Ghlór na nGael an deis a thapú agus tabhairt faoi bhéim a chur ar mhúineadh na teanga do pháistí óga. Deineadh teagmháil leis An Comhchoiste Réamhscolaíochta, eagraíocht dheonach náisiúnta, chun oideachas luathóige trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn go nádúrtha i slí a bhí taitneamhach agus spraoiúil. Bunaíodh Naíonra Cheatharlach faoin gComhchoiste Réamhscolaíochta i gCeatharlach sa bhliain 1980. Treasa Uí Thuathail, a d’fhág an saol seo ar Lá le Pádraig 1997 a bhí i bhfeighil an Naíonra sin.

Níorbh fhada go raibh tuismitheoirí na bpáistí sa Naíonra ar aon intinn le baill an choiste agus gach éinne den tuairim go raibh géarghá le bunscoil lánghaeilge i gCeatharlach chun tógail ar thaithí dhearfa na leanaí sa Naíonra. Chuige sin tionóladh cruinniú poiblí san Óstan Seven Oaks i Mí na Samhna,1981 ag a labhair an craoltóir clúiteach, Mícheál Ó Muircheartaigh . Bunaiodh coiste ad hoc chun tabhairt faoin ngnó.Tar éis feachtais an-bhríomhar agus le cabhair mhór ó Bhainisteoir an Chondae, Míchéal Ó Buadhaigh, tháinig Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc ar an saol ar 1ú Meán Fómhair 1982. Fiche dalta i rang na naíonán leis an múinteoir/príomhoide Bríde de Róiste a bhí sa Ghaelscoil i rith na céad bliana. Tháinig fás agus forbairt dochreidte ar an scoil le daltaí breise, múinteoirí breise agus seomraí réamhdhéanta breise bliain i ndiaidh bliana. Faoi láthair, tá 480 dalta,fiche múinteoirí agus an príomhoide Aingeal Uí Dhálaigh lonnaithe sa foirgneamh galánta buan a d’oscail i nGarrán na Fuinseoige i Mí na Nollag, 2006.

1982 TÚS NA GAELSCOILEChomh nádúrtha le saol an dalta ag dul ó chéim go céim, tuigeadh do choiste Ghlór na nGael go mbeadh éileamh ar oideachas trí Ghaeilge sa dara leibhéal i gCeatharlach.Deineadh teagmháil le Coiste Ghairm Oideachais Cheatharlach. Le tacaíocht mhór ón bPríomh Oifigeach Feidhmeannach, Aibhistín Ó Bhaldraithe agus ina dhiaidh sin Seán Ó Caoimh agus le cabhair iontach ó Mháire Uí Ruairc, TD a bhí ina hAire Oideachais ag an am, bunaíodh Gaelcholáiste Cheatharlach ar 1ú Meán Fómhair 1990. Tús beag ach tús maith abhí ann le dosaen macléinn, foireann bheag teagaisc agus an príomhoide,Caitlín Mhic Cárthaigh. Tá clú nach beag ar an nGaelcholáiste faoin tráth seo le tinreamh de bheagnach trí chéad dalta agus ardchaighdeán d’oideachas á fáil acu chomh maith le líofacht sa teanga i bhfoirgneamh galánta buan eile a d’oscail in Easca i Mí na Samhna 2006.


An Ghaeilge sa Phobal

Ní leor an t-oideachais áfach agus taobh le taobh le fás an oideachais lánghaeilge i gCeatharlach tuigeadh go raibh géarghá le deiseanna a chruthú chun saol sóisíalta, caitheamh aimsire agus ocáidí shiamsaíochta a chruthú do na daltaí, dá muintir agus don phobal i gcoitinn. Le cabhair ó mhúinteoirí Gaeilge na n-iarbhunscoileanna Deaglán Ó Bric, Seán Ó Ceallaigh agus Siobhán Uí Roibeárd tugadh faoi chlub do dhéagóirí an bhaile a bhunú áit a bheadh comhluadar acu trí Ghaeilge. Bunaíodh Club Dhéagóirí na Dolmaine agus nach ann a bhí an spórt agus spraoi trí mheán na Gaeilge gach oíche Dé Aoine agus oíche Dé Sathairn sa sean halla spóirt i gColáiste Leoin.Cé a cheapadh go mbeadh 200 ball sa Chlub agus liosta feithimh! 1982 TÚS NA GAELSCOILE

Ba bheag ceol traidisiúnta a bhí le cloisteáil i gCeatharlach tríocha bliain ó shin ach nuair a cinneadh ar sheisiún neamhfhoirmiúil a thosnú oícheanta Luain san Ostán Oaklands ar Bhóthar Átha Í, speagadh ceoltóirí maithe traidisiúnta chun teacht amach agus seinm os comhair an phobail. Agus creid é nó ná creid ach bíonn an seisiún céanna as siúl gach Luan fós san ostán céanna,Ostán Seven Oaks. Le seisiúin ag teacht chun solais in a lán lán tábhairní, a bhuíochas do mhúinteoirí óga chun an bhaile ina measc Dave Sheridan agus Seán Ó Loingsigh , agus le céilithe rialta san Ostán Carlow Lodge eagraithe ag an mbainisteoir, Mícheál Mac Eochaidh , chomh maith le ceolchoirmeacha den scoth a reachtáil Andy Whitmore le ceoltóirí agus grúpaí mór le rá ar nós Hothouse Flowers, Dé Danann, Altan, Na Casadaigh, Stockton’s Wing roinneadh draíocht an cheoil go flaithiúil le muintir na háite.

Bhí tacaíocht agus deathoil ag teacht ó gach gné den phobal – an lucht gnó, an chléir, na húdaráis áitiúla, múinteoirí agus scoileanna. Go tobann bhí áit lárnach don Ghaeilge agus do gach a bhain léi i mBaile Cheatharlach - baile gharastúin a bhí tráth laistigh de cheantar na Páile!

1982 TÚS NA GAELSCOILETugadh aitheantas náisiúnta faoi dhó don Ghaeilge i gCeatharlach nuair a fógraiodh an Baile don Ghradam Uile Éireann i gcomórtas Ghlór na nGael ar dtús i 1982 agus arís i 1995.B’iontach na hocáidí a eagraiodh nuair a thug An tUachtarán Pádraig Ó hIrlithe agus An tUachtarán Máire Mhic Róibín cuairteanna ar Cheatharlach chun na gradaim a bhronnadh.

Nil dabht ar bith ach go bhfuil crut an-mhaith ar staid na Gaeilge agus gach a bhaineann léi i mBaile Cheatharlach i láthair na huaire. Is rud iontach é tús a chur le himeachtaí éagsúla ach is scéal eile ar fad é buanú agus insealbhú a dhéanamh ar na míreanna éagsúla de ghluaiseacht ar bith chun a chinntiú nach fás aon oíche a bhíonn i gceist. Is amhlaidh mar atá faoi an Ghaeilge i gCeatharlach.

Maidir leis an nGaeilge labhartha, is cinnte nach bhfuil sí i mbéal an phobail mar ba mhian linn ach is cinnte chomh maith go bhfuil léibhéal nua sroichte aici anseo i gCeatharlach.

Tá tuiscint fé leith anseo ar thábhacht na Gaeilge agus ar an gcultúr a théann léi. Tá sé seo fíor in a lán gnéithe den saol. Is iomaí eagras agus cumann atá ag saothrú chun aird an phobail a dhíriú ar ár gcultúr, ar ár n-oidhreacht agus dar ndoigh ar ár dteanga féin. Tá meon gaelach i réim i measc phobal Cheatharlach le meas ag gach aicme agus ag gach aois ghrúpa ar ghluaiseacht agus ar ré nua na Gaeilge fé stiúir Ghlór na nGael.

1982 TÚS NA GAELSCOILETá an-dúil ag na meáin cumarsáide atá lonnaithe sa bhaile poiblíocht a thabhairt do shaol na Gaeilge i gCeatharlach . Ina measc siúd tá na nuachtáin Carlow Nationalist agus Carlow People gan trácht ar an raidio aitiúil Kclr96fm. Foilsítear Colún Gaeilge sa Carlow Nationalist agus craoltar Clár Gaeilge ar Kclr gach seachtain. Tuigeann na hudaráis áitiúila agus lucht gnó an bhaile tábhacht na Gaeilge don bhaile agus tugtar gach tacaíocht do chur chun cinn na teanga.

Gaeilge le Chéile ag dul ó neart go neart ó 2006 anuas nuair a bhailíonn daoine le chéile i dteach tábhairne Reddys chun cúrsaí an tsaoil a phlé go neamhfhoirmiúil - leagan nua-aimseartha de bhothántaíocht na Gaeltacha ar an gcéad Chéadaoin de gach mí áit a bhfáiltítear roimh lucht labhartha agus foghlaimeoirí na teanga araon.

Glór Cheatharlach 2008

Emma WhitmoreIs iontach an t-aitheantas atá tugtha ag Foras na Gaeilge don Ghaeilge i gCeatharlach agus maoiniú trí bliana 2008-2010 déanta ar Ghlór Cheatharlach chun Oifigeach Forbartha Gaeilge a cheapadh agus oifig phoiblí a oscailt sa bhaile. Céim mhór ar aghaidh a tógadh nuair a ceapadh Emma Whitmore mar Oifigeach na Gaeilge ar an 1ú Aibreán,2008 agus tá toradh a díograis i gcomhar le Bord Bainistíochta Ghlór Cheatharlach le sonnrú go soiléir lá i ndiaidh lae.

Le Cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta i gcomhar le Ghaelchultúir agus Dioplóma sa Ghaeilge i gcomhar le hOllscoil na Gaillimhe chomh maith le Coláiste Samhraidh,Campa Samhraidh agus Campa na nÓg gan trácht ar Sheachtain na Gaeilge, Éigse Cheatharlach,Féile an Fhómhair agus Dreoilín Cheatharlach is léir go bhfuil clár lán ag Glór Cheatharlach ó cheann ceann na bliana.

Sea, a chairde, is féidir a ra go bhfuil todhchaí sláintiúil i ndán don Ghaeilge i gCeatharlach. Le chéile cuirimis chuige!